Téigh ar ais chuig taispeántais
& pictiúir
Téigh ar ais chuig www.andrewnewland.com
Sealladh Téigh ar ais chuig leathanach innéacs péintéireachta & líníochta
Kenny's
Gaillimh
Origin
Baile Átha Cliath
L'Hôtel Gabriel
Lorient
Téigh chuig an chuid den láithreán ag plé le léaráidí & dearadh
Cuireann an leathanach seo i láthair an taispeántas 'Sealladh'
a taispeánadh i nGaillimh agus Baile Átha Cliath agus i Lorient sa Bhriotáin le linn na bliana 2006

Sidheán, Cill Mháille, Inis, Co.an Chláir, Éire. Teagmháil ríomhphoist
Fón: (065) 6839383 (Idirnáisiúnta: +353 65 6839383) Fón soghluaiste: (086) 8074125 (Idirnáisiúnta: +353 86 8074125)
Is le Andrew Newland cóipcheart na saothar ar an láithreán seo. Ní cheadaítear é a úsáid gan chead ón ealaíontóir

Téigh chuig an chuid den láithreán ag plé le teagasc ealaíne & deartha
Téigh ar ais chuig clár cinn Andrew Newland

Riochd Gàidhlig

English version

Cúige Connacht, Éire agus Na h-Eileanan Siar, Alba

Sealladh Bheàrnaraigh, Alba 521169
Sealladh Bheàrnaraigh, Alba
Oladhathanna ar chanbhás 760 x 2730 mm

Sealladh

Pictiúir ón taobh thiar de chúige Connacht, Éire agus
ó Na h-Eileanan Siar, Albain, a taispeánadh ag

The Kenny Gallery
An tSráid Láir, Gaillimh, Éire
3 - 23 Feabhra 2006
Catalóg agus pictiúir ó The Kenny Gallery, Gaillimh

The Origin Gallery
83 Sráid Harcourt, Baile Átha Cliath 2, Éire
13 Márta - 21 Aibreán 2006
Catalóg agus pictiúir ó The Origin Gallery, Baile Átha Cliath

L'Hôtel Gabriel, Lorient
Eagraithe mar chuid den 36ú Festival Interceltique Lorient
29 Iúil - 6 Lúnasa 2006
Catalóg agus pictiúir ón Hôtel Gabriel, Lorient

Taispeánadh rogha de phictiúir ag gach láthair

Mise ag péinteáil ar Bheàrnaraigh, Albain, Iúil 2005
Mise ag péinteáil ar Bheàrnaraigh, Albain, Iúil 2005
(Grianghraf le Christian Kranz)

Chuir an taispeántas seo i láthair sraith pictiúr ó dhá áit a bhfuil an-chosúlachtaí eatarthu, go háirithe ó thaobh tírdhreacha agus teanga. Is iad an taobh thiar de chúige Connacht (iarthar Chontae na Gaillimhe agus iarthar Chontae Mhaigh Eo) in Éirinn agus Na h-Eileanan Siar amach ó chósta iarthair na hAlban, an dá cheantar. Roghnaíodh iad go háirithe de bharr cosúlachtaí idir limistéar na gceantar agus os rud é go bhfuil an dá cheann acu ar chósta thiar na dtíortha.

Tá mórán cosúlachtaí idir an dá thírdhreach, le tránna fairsinge gainmheacha, ceantracha sléibhtiúile i roinnt áiteanna agus talamh cothrom chois farraige in áiteanna eile. Tá pátrúin na tithíochta an-chosúil chomh maith le tithíocht measartha dlúth sna ceantair chois farraige i gcomparáid le tírdhreacha folamha intíre. Tá pátrúin na haimsire cosúil le haimsir bhriste atá go minic freagrach as scamaill dhramatúla. Tá súil agam go raibh na gnéithe seo le feiceáil sna pictiúir sa taispeántas.

Maireann an Ghaeilge sa dá áit. Labhraítear Gaeilge na hÉireann go háirithe i nGaeltacht Chonamara i gContae na Gaillimhe chomh maith leis an gceantar Thuar Mhic Éadaigh, Acaill, Iorrais agus Ceathrú Thaidhg i gContae Mhaigh Eo. Labhraítear Gaeilge na hAlban ar fud na h-Eileanan Siar, go háirithe in Eilean Leòdhais, ach chomh maith leis sin sna Hearadh, Uibhist a Tuath, Uibhist a Deas, agus Barraigh. Úsádadh leaganacha Gaeilge de logainmneacha sa taispeántas agus i gcás na dtripticí móra tá siad le feiceáil mar chuid de cheapadóireacht an phictiúir, ar stríocaí ar bharr agus faoi bhun an chanbháis.

Bíonn comhcheangal le fada idir an dá áit agus tógáil bháid traidisiúnta adhmaid, ‘Húicéirí’ ‘Gleoiteoga’ agus ‘Púcáin’ i gConamara agus báid ‘Niseach’ agus ‘Griomasaigh’ sna h-Eileanan Siar, traidisiún a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann. Taispeántar pictiúir de roinnt bád sa taispeántas. Tagann an teideal ‘Sealladh’ ó cheann de na báid traidisiúnta adhmaid a phéinteáil mé nuair a bhí mé ag fanacht ar oileán Bheàrnaraigh. Ciallaíonn an focal ’sealladh’ radharc i nGaeilge na hAlban agus amharc nó súilfhéachaint i nGaeilge na hÉireann.

Rinneadh na pictiúir ar fad ar láthair amuigh in Éirinn agus in Albain, rud a chuireann, i mo thaithí féin, níos mó beochta san saothar. Bhí an litreoireacht ar na canbháis mhóra déanta ní ba dhéanaí sa stiúideo.

Triptic Mhaínse, Co. na Gaillimhe, Éire 521179
Triptic Mhaínse, Co. na Gaillimhe, Éire
Oladhathanna ar chanbhás 760 x 2730 mm

Riochd Gàidhlig

English version